Aturnae agus maorlathaí Meiriceánach is ea Robert Swan Mueller III (IPA: ˈ|m|ʌ|l|ər}}; a rugadh ar 7 Lúnasa 1944 in Manhattan). Eisean an 6ú stiúrthóir ar an Federal Bureau of Investigation (2001–2013). Ball den Pháirtí Poblachtach é a cheap an tUachtarán George W. Bush sa phost sin. Is é an duine is faide sa phost ó bhí J. Edgar Hoover ann. Faoi láthair tá Mueller i gceannas ar fhiosradh (2017–inniu) um idirghabháil na Rúiseach i dtoghchán na bliana 2016 sna Stáit Aontaithe agus ábhar eile a bhaineann leis.
Bhain Mueller céim amach in Ollscoil Princeton. Chuir sé seirbhís isteach san U.S. Marine Corps le linn Chogadh Vítneam, agus bronnadh Bonn Réalta Umha as crógacht a thaispeáint sa chogadh chomh maith le Bonn Croí Chorcra as a bheith gortaithe ann. I ndiaidh dó céim a bhaint amach ó Scoil Dlí Ollscoil Virginia (1973), d'oibrigh sé ar feadh trí bliana do chomhlacht príobháideach in San Francisco gur ceapadh é ina Aturnae Cúnta de chuid na Stát Aontaithe (AUSA) sa chathair chéanna. Sular ceapadh é ina stiúrthóir ar an FBI, bhí Mueller ina Aturnae do na Stáit Aontaithe, ina Ard-aighne Cúnta ar Roinn na gCoireanna, agus ina Ard-aighne Ionaid.
I mí Bealtaine na bliana 2017, cheap an tArd-aighne Ionaid Rod Rosenstein Mueller mar abhcóide speisialta i mbun an choiste fhiosraithe atá ag iniúchadh ról na Rúiseach sa toghchán sa bhliain 2016, naisc ar bith idir rialtas na Rúise agus feachtas uachtaránachta Trump san áireamh.
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |