Scríbhneoir agus file Sileach ab ea Ricardo Eliécer Neftalí Reyes Basoalto (1904 - 1973), nó Pablo Neruda mar is fearr aithne air. Rugadh é ar an 12 Iúil 1904 i gcathair Parral na Sile agus fuair sé bás ar an 23 Meán Fómhair 1973 i gcathair Santiago na Sile, faoi chúinsí amhrasacha.
Meastar gurb eisean duine desna filibh Sileacha is tábhachtaí, ar aon chéim le Gabriela Mistral, Pablo de Rokha agus Vicente Huidobro. De réir an scríbhneoir Gabriel García Márquez áfach, ba é Neruda "an file ba mhó den 20ú haois a scríobh in aon teanga."
Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Neruda sa bhliain 1971.
Chomh maith leis an bhfilíocht, bhí Neruda ina thaidhleoir - do chaith sé tréimhse mar ambasadóir na Sile chun na Fraince - agus ina pholaiteoir, ar an eite chlé.
D'éirigh an t-arm faoin ginearál Augusto Pinochet amach i gcoinne Allende ar 11 Meán Fómhair 1973. Ghlac Pinochet seilbh ar rialtas na Sile agus cailleadh Neruda cúpla lá níos déanaí.
Rinne na húdaráis an corp a dhí-adhlacadh i 2013. Tá an mhistéir gan fuascailt go fóill.