Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Eanáir 1984 40 bliana d'aois Sea Cliff, New York |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Columbia North Shore High School (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Aisteoireacht agus scríbhneoireacht scannán |
Gairm | aisteoir scannáin, polaiteoir, ban-aisteoir, aisteoir gutha, aisteoir teilifíse, fuirseoir, scríbhneoir scripte |
Tréimhse oibre | 2007 – |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Daonlathach |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas
| |
Ainmnithe do
| |
|
Fuirseoir agus ban-aisteoir Meiriceánach is ea Kathryn McKinnon Berthold nó Kate McKinnon, an t-ainm a úsáideann sí ina saol gairmiúil, a rugadh ar 6 Eanáir 1984 Aithnítear í thar aon ní eile as a cuid sceitsí grinn ar na cláracha teilifíse Saturday Night Live agus The Big Gay Sketch Show. Rinne sí páirt an Dr. Jillian Holtzmann insan athdhéanamh a rinneadh sa bhliain 2016 den scannán Ghostbusters.
Tá clú uirthi mar gheall ar a cuid saothair le carachtair agus a cuid aithrisí ar dhaoine cáiliúla. Aithnítear í as na haithrisí atá déanta aici ar phop-amhránaí Justin Bieber, fuirseoir agus bean an tí teilifíse Ellen DeGeneres, agus polaiteoir Hillary Clinton. Ainmníodh í do cheithre Primetime Emmys, trí cinn díobh mar shár-bhanaisteoir taca i sraith ghrinn—as a bhfuair sí ceann amháin sa bhliain 2016—agus ceann ar son ceoil agus liricí bunúsacha.
Rugadh agus tógadh Kate McKinnon Berthold in Sea Cliff, New York. Is iníon le Laura Campbell, oideachasóir tuismitheoirí, agus Michael Thomas Berthold, ailtire í. Tá deirfiúr níos óige aici darbh ainm Emily. Fuair a hathair bás nuair a bhí sí 18 bliana d'aois.