Aerfhórsa

Aerfhórsa

Brainse na bhfórsaí armtha a oibríonn aerárthaigh is diúracáin. Cuireadh tús leo i 1911-1914, agus tháinig siad le bheith an-tábhachtach i rith an chéad chogadh domhanda. Bhí siad níos suntasaí fós sa dara cogadh domhanda, le róil bheartacha (eitleáin troda is eitleáin ionsaithe gearr-raoin) is straitéiseacha (eitleáin buamála fadraoin). Le teacht chun cinn na mbuamaí adamhacha tháinig na haerfhórsaí le bheith níos tábhachtaí fós. Sna Stáit Aontaithe scaradh an t-aerfhórsa ón arm i 1947. Sna Stáit Aontaithe, an Bhreatain, an Fhrainc is sa Rúis, tá aerfhórsaí ar leith atá dírithe ar chogaíocht farraige, faoi cheannas an chabhlach cogaidh.

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Aerfhórsa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 12.